School: Tráigh Éanna (roll number 16030)
- Location:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Teacher: P. Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Éanna
- XML Page 171
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí Micheál Ruaidh lá amháin ag gabail de mhónaidh.”
(continued from previous page)Michéal:
Bhí ualach ar mo druim,
Bhí turtóg in mo bealac,
A’s thuit mé ar mo ghaothsan
Isteach in eabar salach.Scéal
“Bhí fear ar an bhaile seo am amháin darbh ainm "Paidín Fadalach", agus bhí sé cinnte a beith i gcomhnuidhe ar deireadh le gach uile seort nidh.”
Sgéal
Bhí fear ar an bhaile so am amháin darbh ainm “Paidín Fadalach”, agus bhí sé cinnte a beith igcomhnuidhe ar deireadh le gach uile seort nidh. Nuair a bhéadh an bárr ins an talamh ag a chuid comharsanaigh ní bhíodh Paidín ag toiseacht a romhar agus ins an Fóghmhar nuair a bhíodh na cruacha féir déanta ag an chuid eile bhíodh Páidin le feiceail igcionn na speile
Bhí sé lá amhain ag dul chun an marghaidh agus bhí eagla ar a mhnaoi go mbeadh sé mall mar ba ghnathach “Ó am go leór” a deirfeadh Paidín. Ar sgor ar bith dimthigh sé acht ní rabh sé ibhfad gur mothuigh sé an traen ag feadalaighe ag an(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male