School: Tráigh Éanna (roll number 16030)

Location:
Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
Teacher:
P. Mac Giolla Bhríghde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 97

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 97

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Éanna
  2. XML Page 97
  3. XML “Seán agus a Mháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seán agus a Mháthair
    Bhí fear agus bean na gcomnuidhe imbaile aon uair amháin agus bhí siad iongantach bocht. Bliadhain amháin ní rabh siad abálta an chíos a dhíol agus dubhrad leo muna mbéad siad abaltá an chíos a dhíol an bhliadhain ina dhiaidh sin go gcuirfidh amach as an áit iad. Dubhairt máthair Sheán le Seán go gcaithfeadh sé imtheacht ar bhéal maidne agus oiread airgead a shaotrugadh agus dhíolfadh an chíos. D’imthigh Seán leis ar maidín agus fá dheireadh chuaidh sé ar fastá ag feirmeóir. D’fan sé ag an fhéirmeóir bliadhain agus lá amháin dubhairt sé leis go rabh sé ag gábháil na bhaile. Chuaidh an feirmeóir isteach ann seomhra agus tháinic amach áirist agus mála lán de phighineach agus de leith-pigineach leis. Chuir Seán an mála ar a dhruim, d’fág slán ag an fhéirmeóir agus d’imthigh leis.
    Ní dheachaidh sé ibfad gur casadh fear air agus beatadach capaill leis. “An ndeánfaidh tú málairt” as a fear an beatadach. “Dheanfáidh arsa Seán no tá an mála seo iongantach trom”. Thug Seán leis an capaill annsin agus chuaidh a mharcuidheacht. Cha deachaidh sé ibfad gur thóg an capaill a chosa ináirda agus gur chait Seán isteach igcúl an claide. D’éirig Seán agus é loite go mór. Leán sé an capall giota fada agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1415: Lucky Hans
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Canann
    Gender
    Male
    Informant
    Peadar Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male