School: Tráigh Éanna (roll number 16030)

Location:
Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
Teacher:
P. Mac Giolla Bhríghde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Éanna
  2. XML Page 101
  3. XML “An Dá Ghadaithe”
  4. XML “An Rí agus na Mic”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An rí agus na mic.
    Bhí rí ann aon uair amháin agus bhí tríur mach aige. Nuair a bhí sé ar leabhaidh an bháis sgáirt sé ar na mic agus d’iafruigh dóbhta cáide an gníom a ba chalma a rinne siad. Dubhairt an chead mach gur shábhail seisean páiste o na bhás. Dubhairt an dara mach an rud ceudna agus an tríomhadh mach. D’iarr sé ar na trí mich imtheacht leóbhtha agus pilleadh aráist igcíonn trí mhí agus cé bith duine a dheánfad an gníom a ba chalma go dtabharfadh seiseann do a ríogacht nuair a gheobhadh sé bhás.
    D’imhthigh na mic leóbhtha agus igcionn trí mhí phill siad aráist. D’fhiafruigh an rí de’n chead mhach cáide an gníomh a rinne seisean. Dubhairt an chead mhac “go rabh seisean ag gábail thart le taobh locha lá amháin agus chonnaic sé geirrseach beag amuigh ins an loch agus í chor a bheit báidhthe”. Léim sé amach san loch agus sábhail í. Dubhairt an rí go rabh sin ina gníom mór go leór.
    Dubhairt an dara mac, go rabh sé ag siubhal an bealach lá agus chonnaic sé sean-bean na luighe ar taoibh an bhealaigh agus í ag fághail bháis leis an ochras. Thóg sé í agus thug leis í go dtí a áit - comnuidhe agus thug bidh agus dighe déte. Dubhairt an tríomhadh mach go bfachaid seisean fear dá bhátad. Bhí fa at
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Canann
    Gender
    Male
    Informant
    Eamonn Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male