School: Tráigh Éanna (roll number 16030)

Location:
Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
Teacher:
P. Mac Giolla Bhríghde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 107

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 107

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Éanna
  2. XML Page 107
  3. XML “An Dá Ógánach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An dá óganach
    Bhí gasúr ann fad ó shóin agus bhí sé iongantach bocht. Bá gnáth leis a gabhail ó theach go teach ag cruinnuighudh pingineacha. Lá amháin casadh gasúr éile air. Rinne an bheirt suas go rachfadh siad le chéile fríd na bailte móire. D’imthigh a bheirt agus sábhail siad suas cúpla púnnta. Lá amháin bhí siad istoigh i mbaile móir. Cuaidh siad isteach i siopa agus ceannuigh fear amháin culaidh úr a bhí ceithre phunnta agus deich scillinge. Cheannuigh an fear eile culaidh gharrda.
    Chuir siad ortha na cultacha agus d’imthigh leobhtha fríd an bhaile i cruinnuighadh bidh. Smaointigh fear amháin acu ar phlean le iad a deanamh saidhbhir. Smaointigh sé go rachfadh sé isteach i siopa agus d’fiarreochadh sé clog bheag. Chuaidh sé isteach, d’fiafruigh clog bheag. Thug fear i tsiopa anuas cuid mhor de chloga Bhí an fhear ag amharc ortha. Thionntuigh fear an tsiopa le tuilleadh a tabhairt anuas. Nuair a fuair an fhear a chúl tiontodh d’imthigh sé agus deareadh na cloga leis. D’fan an fhear a cheannuigh chulaidh gharrda amuigh agus Nuair a chuaidh an fhear le cloga amach fhuar an fear eile greim air. Shil an siopadóir gurb’e an garrda a bhí an. Dubhairt an fhear a rabh culaidh an garrdaí air a gabhail ina shiopa no go rabh sé ina priosúnach. Rinne siad mar a gceadna Cuir siad na cloga isteach in dhá bocsa agus d’iomcur go dtí an tír. Thosuigh siad a ndíol no gur díol siad deireadh. Chuaidh siad go dti an dara baile rinne siad an rud ceadna. Sabhail siad morán airgid mor seo. Sa deireadh thóg siad teach agus cuir siopa ar bun. Tamaill na dhiaidh sin cuir siad siopa eile ar bun Indiaidh sin ba iad an bheirt a ba reidhbhre san breatain Mhór.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Canainn
    Gender
    Male
    Informant
    Dominic 'Ac Aodha
    Gender
    Male