Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 125
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mo cheanntair fhéin.
Is é igCo. Tír Chonnail atá mise mo chomnuide. Is é Teampaill Chrón Uatarach [uartarach] ainm an pharóiste agus beíruntacht an Bhaoighillig ainm an bhéiruntacht. Tá tuairim as dhá theach agus fiche ins a baile a bhfuil mise mo chomnuidhe ann acht ibfad o shoin bhí tuairim agus sgór go léit toighthe ann. Is é Ua Dubhthaig an sloinneadh is choitchianta ann. Is é an fát a tughadh (an) an t-ainm seo Mín á Cháirn ar an bhaile a bhfuil mise mo chomhnuide ann no go bhfuil sé ina mhachaire réid agus cnap milltineach clocha ann ilár báire.
Níl aon seandhuine os cionn -70 bliadhain ann agus sí an “Ghaedilg” an teangaidh atá da labhairt ag na daoine. Os rud é go bhfuil sé ina mhachaire tá talamh measardha máith ann agus chor a bheit go dtig é uilig a chuir fá [shaothrughadh:]? Tá loch amháin ins an bhaile agus a t-ainm atá air no loch ‘na Aodha. Sé an dóigh a b’fuair an loch an t-ainm no -: Am na Gear leanamna in Éirinn cuireadh acht i bfeidim i fuagairt go gcaitheamh achán Easbog, sagart agus bratair an tír, roim lá bealtaine 1698. D’imthigh cuid de na sagairt tar saile agus d’imtigh cuid ar a seachrán. Tháinig sagart go dtí an óilean atá ar an loch seo agus an t-ainm a bhí air Sagart Mac Aodha. Bí a deirbhsíur leis agus an t-ainm a bhí uirrthi - se Donna Dubh. Bá gnáthach leobhtha Aifrean a rádh isthoigh ar an Oiléan seo. Rachfadh na daoine isteach gach lá le Aifrean Dé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brian Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann