School: Tráigh Éanna (roll number 16030)

Location:
Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
Teacher:
P. Mac Giolla Bhríghde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Éanna
  2. XML Page 108
  3. XML “An Gasúr Amaideach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An gasúr amaideach
    Mac baintreabhaighe a bhí ins an ghasúr seó agus ní rabh morán [céile] cial aige. Tháinig lá gaoithe móire agus bhí grainín arbhar aige le cathughadh. Thug sé leis an cóirce suas go barr an chnuic le é a ghlánadh. Thosuigh sé ar an obair. Nuair a bhí deireadh caithte aige d’amharc sé ar an talamh. Ní rabh oiread as grainín de’n arbhar fágta. Chuaidh sé síos chuig a mháthair agus d’iarr uirrtí lón a deanamh no gur imthigh an coirce leis an gaoth mhór. Ní rabh sí i bhfad an lón réidh aice. D’imthigh an gasúr frid coillte, cnuic agus gleanntáin. Siubhal sé leis no go dtáinig deireadh an lae. I gabhail as solus do casadh fear air. D’fiafruigh an fhear do ca rabh sé ag gabhail. Dubhairt an gasúr go rabh sé ag cuarthughadh a cuid coirce. Tá do cuid arbhar agam-sa agus tar liom go bhfáigh thú do cóirce. D’imthigh an bheirt síos an gleann no go dtáinic siad fhad le beinn. Mar bhualfá do dá [bhois]? ar a chéile d’fhosgail an beinn amach agus chuaidh an bheirt isteach. Nuair a chuaidh an bheirt isteach bhí an gaoth bheag ag deanamh réidh cuid na gaoithe móire. Nuair a bhí siad tamaill astoigh tughadh togha gach bidh agus rogha gach dighe daobhtha. Dubhairt an fhear leis an gasúr go rabh aige le fanacht aige san an oidhche. D’fan an gasúr aige cibe ar bith. Tháinic ám luighe agus chuaidh siad a luighe. Le bánughadh an lae d’éirigh siad. Rinneadh réidh an breicféasta agus shuide siad thart. Dúbhairt an gasúr go rabh sé ag gabhail na bhaile agus go rabh a cuid cóirce a dith air. D’éirigh an fhear leis an arbhar a tabhairt do. Le na chois an arbhar thug sé trí néithe eile do bata, críos agus buidéal. Fosta dubhairt sé gur báta é sin a deanamh rud ar bith a d’iarrfá air agus buidéal
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0564: The Magic Providing Purse and “Out, Boy, out of the Sack!”
    Language
    Irish
    Collector
    Brian Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Donaidhe Liam
    Gender
    Male