School: Tráigh Éanna (roll number 16030)

Location:
Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
Teacher:
P. Mac Giolla Bhríghde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 95

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 95

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Éanna
  2. XML Page 95
  3. XML “Seán agus Nóra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí siad ina suidhe go téith. Lá amháin, thug an fear iarraidh sparán an airgid a ghoid agus tháinig a bhean air. D'iarr sí air sin a fhágáil fá choinne na "coise tinne". Cúpla lá ina dhiaidh sin chuaidh an bhean na bhaile mór agus nuair a bhí sí ar shiubhal tháinig fear bacach isteach. Shiubhal an fear suas 'un a seómra agus thug anuas sparán an airgid. Shín sé chuig an fhear bacach é agus dubhairt leis go rabh sin fá choinne na "coise tinne". Bhí lúgthair an t-saogháil ar an fhear bhacach agus d'imigh sé leis an bhealáigh mhór. Nuair a tháinig a bhean na bhaile ar an bhaile mór bhí fearg mhillteanach uirthi leis an fhear cionnas go dtug sé an t-airgead don fhear bhacach. Dubhairt sí leis fostá go gcaithfead siad imtheacht ar bhéal locha maidhne na na rabh airgead ar bith acú le iad a chongbháil ag ghabháil. D'éirigh siadh go luath ar maidín lá thar na bhárach agus d'imhthigh leóbhta. D'iarr an fear ar an bhean an doras a tharraingt amach na diaidh. Thóg an bhean an doras léithe ar a gualainn. "Cáide thug ort an doras a iomchar leat mar sin?" Arsa an fhear. "Nar iarr tú orm an doras a tharraingt mo dhiaidh arsa an bhean".
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1541: For the Long Winter
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Canann
    Gender
    Male