School: Tráigh Éanna (roll number 16030)
- Location:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Teacher: P. Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Éanna
- XML Page 163
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí dá choileach an aon uair amhain 7 bhí siad a gcomhnuidhe ag spáisteoracht thart.”
(continued from previous page)comhgarach daobhtha ach d’iarr an t-sean coileach ar an coileach óg gan a ghabhail ina cóir no go dtuitfeadh sé isteach. Bhí an choileach óg ró dholba agus bhí a chead féin aige. Nuair a chrom an choileach óg chonnaic sé a sgála agus shíl sé gur coileach eile a bhí ann. Chuir an coileach a bhí amuigh groig agus rinne an coileach istoigh mar a gcéadna. Léim an choileach amhuigh. Ba é sin ar ndhóighe an coileach óg léim sé isteach agus báitheadh é. Tháinog an sean coileach anuas thóg amach an coileach óg agus dubhairt “mo chreach nach nglacann comhairle”.Scéal
“Bhí préachán ann uair amháin na rabh ró ghlic agus lá amhain nuair a bhí ar eiteóig thart fuair sí giota cáise.”
Sgéal.
Bhí préachán ann uair amháin na rabh ró ghlic agus lá amhain nuair a bhí sí ar eiteóig thart fuair sí giota cáise. Dimthigh sí suas go bárr crainn a bhí ann le bráth é a ithe go socar ach ní mar sin a bhí. Tháinig madadh ruadh thart, suidh ag bun an crainn agus dubhairt “sé mo baramhail gur tú an t-eán is féarr ins an domhain.(continues on next page)- Informant
- Niall Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male