Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 137
  3. XML “Taibhsí, Rudaí Neamhshaolta, Comharthaí, An Bhean Sí”
  4. XML “Taiseanna na mBeo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An duine a fuair bás in Ola Dé agus na hEaglaise ní fheictear é. An te a fhághann bás tobann, bás le biotailte no an-bhás bhíonn eagla roimhe.
    Tigean na muirbh arais ma ta a gach ag chuir buadhartha ortha, muna a bhfuil siad fa ruimhneas ar an tsaoghail eile no muna fhág siad achán rud socair na ndiaidh. Ar na saogaltacha deireannacha le a bhfuil de Aifrean da rádh ar shon na muirbh níl oiread dhá bfeicéal Na dhiaidh sin is uile is bheag a taitnigheann sé leis a béith amuigh leis fhéin indiaidh gabail o solus ma bíonn an oidhche dorcha.
    Da dtiocfad de thaisme orm fhéin a bhéith amuigh bhéad lán mo cnaiceann d’eagla orm. Oidhche amháin gan siníd bréige a déanamh saoilim go rábh rud eiginteacht in mo aice. Sheasuigh an gruag orm cosamhail le cailleach na gcíor ann agus ní rabh ann acht é gur thuith mé as mo sheasamh.
    Tá sé raidhthe uair a taisbean tadhbhse é féin do daoine a rabh croidhe lag aige. Chuala mé daoine a rádh go bfachaidh siad an té a d’imthigh acht nior dubhairt daoine liom go fóill go bfuair siad iospairt ó taidhbhse. Ar ndóighe ní ceart lámh a craitheadh leobhta. Ma deanann siad iarraid ar do lámh sín bata no rud eiginteacht cuca no deirtear go mbrisfidh siad do lámh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Taireanna na mbeo
    Tá tuairiní eile ag na seanduine fan áit seo. Tá me ag gabhail a thrácht ar an treancur sin atá acu fá taidhbhsí daoine ata imbeatha go foill. Cluinntear corruair fa taidhbhsi
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge