School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 109

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 109

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 109
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Peigí Ní Mhuimhneacháin, Carraig. Aois – Dhá bhliain déag
    23-3-’38
    Béaloideas – Scéal
    Bhí fear ann fadó agus d’imigh sé go dtí an t-aonach lá chun bó agus gamhain do dhíol. Nuair a bhí an t-aonach i leataoibh agus gach rud díolta aige ghluais sé abhaile ar mhuin a chapaill.
    Nuair a bhí sé díreach ar an mbóthar thug sé fé ndeara go raibh crú ag titim don chapall agus gur oir tairne dho, ach duairt sé leis féin nárbh fhiú puinn aon tairne amháin agus go ndéanfadh sé an gnó go raghadh sé abhaile.
    Tar éis leath slí a chur de do stop sé ag tigh chun suipéir d’ithe. Duairt fear a’ tí leis go raibh crú caillte aige, ach duairt sé nárbh fhiú puinn aon chrú amháin agus go ndéanfadh sé an gnó go raghadh sé abhaile. Ghluais sé air mar theastaigh uaidh bheith sa bhaile sara mbeadh an oíche ann. Leis an rith do thit an capall agus bhris sé a chos.
    Chaith sé an capall ’fhágaint ar thaobh an bhóthair agus siúl abhaile. Chaith sé dul trí choill mhór. Do bhuail beirt bhithiúnach uime agus dheineadar é a robáil agus thugadar batráil do agus ní raibh leathphingin sa tsaol aige ansan. Sin a bhí dá bharr aige nuair ná cuirfeadh sé aon tairne ar an gcrú sarar thosnaigh sé.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí Ní Mhuimhneacháin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Charraig, Co. Cork