School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is beag áit nar chaith na naoimh tamall dá saoghal ná gur fhágadar córtha éigin na diaidh gur mhaireadar ann. I
Tá tobar naomh Gobnatan i m-Baile-Múirne. Tobar mór doimhin iseadh é. Cítear breac uaireannta ag a bhun. Do chómhnuigh Sasannach ’na aice uair agus bhi meitheal chun bheith aige lá ag baint prátaí. Do ghlaodigh sé go moch ar an gcailín aimsire chun prátaí a bheirú doibh i gcóir breicfeasta. Cuaid sí go dtí an tobar chun uisge dfhághail. Chuir sí ag beirú na bprátaí é. Nuair dfheach sí ar na prátaí nar dhóigh léi go rabhadar beirighthe. Is amhlaidh a bhí breac istigh sa corcán agus an t-uisge cómh fuar agus a bhí sé nuair a thug sí ón dtobar é.
Bhí fhios aici go raibh rud éigin bun os cionn san uisge agus chuir sí an breac tharnais sa tobar arís. II
Tá ceann eile in aice Machromtha i n'áit 'nar glaodhtar Doire-Ruadh. An tobar-Dearg a glaodhtar air. Tugtar dá thurus ann gach(continues on next page)- Collector
- Máire P. Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Goirtín Fliuch, Co. Cork