School: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (roll number 10755)
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Michael Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)caitheadh na daoine dul go Corcaig chum a gcíosa do dhíol, agus an chéad fear i mbaile go mbeadh an cíos díolta aige, gheóbhad sé cuid an bhaile ar fad. An lá áirithe seo d'imthig fear ó Árd na Caithne go Corcaig i ngan fhios d'aoinne. Bhí sé imthigthe lá sar a mbrathadh i naon chor é. Bhí Muircheartach ar an mbaile, agus chualaidh sé an sgéal, agus ar seisean "Bheirimse Págán gur bhé an diabhal é má bhíonn sé i gCorcaig róghamsa". Rug sé ar a mhaide, agus seo leis chum bóthair, agus tháinig sé suas leis an bhfear eile, agus é cómhgarach do Corcaig. Do shábhail sé an baile an bhliain sin.