School: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (roll number 10755)

Location:
Ballyferriter, Co. Kerry
Teacher:
Michael Ó Conchobhair

Filter stories

Back
/ 473 Forward
Resolution: Low | High
Seanchas i dtaobh na hAimsire

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 346

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Seanchas i dtaobh na h-aimsire.
An Spéir:
An lá roimh bháistig bíonn an ghrian ana mhúchta, agus cómhartha eile báistighe iseadh cosa a bheith uaithe. Cómhartha droich aimsire iseadh na sgamaill a bheith buidhe-dearg. Cómhartha aimsire bhreágh an ghrian a bheith dearg ag dul fé. Cómharthaí báistighe iseadh an gealach a bheith sínte ar a drom ró mhór. Nuair a bhíonn fáinne ar an ngealaig , sin cómhartha báistighe, agus nuair a bhíonn an fháinne ana mhór sin cómharthaí go bhfuil an bháisteach ana chómhgarach duit.
Bíonn na sgamaill trom dorcha ar theacht na báistighe. Na sgamaill go nglaoidhtear bearra caorach ortha, nuair chídhtear iad, sin cómharthaí báistighe. Uaireannta, nuair a cídhtear an boga síne , tagann

(continues on next page)
Collector
Tomás Ó Loinghsigh
Gender
male
Address
Reask, Co. Kerry
Informant
Tomás Ó Mainín
Gender
male
Address
Reask, Co. Kerry
Language
Irish