Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 144
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)coinín amach thríd poll an chlaidhe . Chaith an buachaill an maide leis an gcoinín , acht níos bhuail sé é . rith sé ina dhiaidh thar an glaidhe, agus ceann de na beithidhighíbh a thabhairt leis aige .Maidin lá'r na bhárach thug an gadadhc na beithidígh ag teach a athar" Is maith sin" arsa an t-athair . Mara bhfuil tú indon an fáinne atá ar mo bhean a ghoid beidh an ceann le cailleach agat. Ní rinne an gadaidhe acht dul amach agus dul go dtí an uaigh, agus corp a thógháil aníos a bhí curtha trí lá roimhe sin. Bhain sé de an t-éadach a bhí ar an gcorp agus chuir sé an t-éadach a bhí air fhéin ar an gcorp suas ar an bhfuinneóig.Chaith an feiliméar urchar , leis an gadaidhe d'on chorp tuitim. Chuaidh an feiliméar amach ag cur ar chuirp . An fhaid a bhí an feiliméar ag dul amach . Bhí an gadaidhe ag dul isteach . Leig sé caramhaint an feilimhéara air fhéin , agus fuair sé an fáinne. Thug sé ag an bhfeiliméar é . "Is maith sin" adeir an feiliméar.
- Bailitheoir
- Séamus Ua Flaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Domhnaill Uá Flaithbheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. Galway