School: Maighros

Location:
Maíros, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 067

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 067

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maighros
  2. XML Page 067
  3. XML “Caitheamh Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus léimeann sé amach thar cheann an té a bhíos roimhe. Éirigheann siad uile mar seo agus léimeann siad thar cheann a chéile nó go mbíonn an chéad duine ar deire.
    Seo cuid de's na cinn a bhíos ag cailíní.
    Geibhíní: Seo é an chaoi a n-imrightear an cluiche sin. Téigheann duine amháin ar tosach agus téigheann na cailíní eile uilig ina diaidh ach amháin duine. An duine a bhíos fágtha téigeann sise mar shionnach agus triálann sí gach cleas le duine de's na cailíní deireidh a thabhairt léi. Bíonn an chéad duine mar mháthair agus bíonn sí ag iarraidh na daoine eile a chosaint.
    Dathanna:
    Beireann na cailíní uilig ar a chéile ach beirt. Téigheann an bheirt sin amach agus toghann siad dhá dhath. Árduigheann siad a gcuid lámha agus téigheann na cailíní eile amach fútha ach amháin an duine deireannach. Fiafruigheann an bheirt a bhíos amuigh de'n duine sin cé aca de'n dá dhath a bhíos tóghtha aca is fearr léi. Pébí ceann a deireas sí téigheann sí ar chúl an duine a mbíonn an dath sin aici. Leanann siad ortha mar sin nó go dtí nach mbíonn aoinne fágtha. Ansin tosuigheann siad ag tarraint a chéile ar fud na páirce.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitreach Ard, Co. Galway