School: Maighros

Location:
Moyrus, Co. Galway
Teacher:
Séamus de Brún

Filter stories

Back
/ 111 Forward
Resolution: Low | High
Muintir Flaithbhearta

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0010, Page 044

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sul ar tháinig na tighearnaí talmhan siad na Flaithbheartaigh a bhí i gceannas na h-aite seo. Bhíodh ar na daoine beithidhigh a íoc leo mar chíos. B'é Tadhg na Buille an ropaire ba mhó aca. Bhí caisleán aige 'san Áird agus tá an fothrach an fós. Gach bliadhan bhíodh ar gach bean croca ime a thabhairt chuige in aoinfheacht leis an gcíos nó mara dtiubhradh bhaineadh sé na beithidhigh díobh.
Bhí baintreabhach bocht 'na comhnuidhe ar Inis Leacain agus bhí aon mhac amháin aice. Nuair a bhí sé óg d'imthigh sé leis agus ní raibh fhios aice cá ndeachaidhe sé. I gceann fiche bliadhain nó mar sin tháinig sin tháinig sé abhaile agus é ina mháirnéalach. Nior aithnigh a mháthair é ar dtús agus nuair a bhí sé tamall istigh leag sí pláta fataí chuige. Chuaidh sé ag glanadh cuid de na fataí dó féin agus i gceann tamaill d'fhiafruigh sé di a raibh tada aice leis na fataí. Dubhairt sí leis nach raibh aice ach croca ime a bhí aice do Thadhg na Buille. Dubhairt sé léi cuid de a leagan chuige ach dubhairt sí nach bhféadfadh sí. Bhí sé 'á iarraidh uirthi agus sa deire thug

(continues on next page)
Collector
Maitias Mac Donnchadha
Gender
male
Address
Letterard, Co. Galway
Informant
Seán Mac Donnchadha
Gender
male
Address
Letterard, Co. Galway
Language
Irish