School: Tráigh Éanna (roll number 16030)

Location:
Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
Teacher:
P. Mac Giolla Bhríghde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 195

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1059, Page 195

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Éanna
  2. XML Page 195
  3. XML “Taibhsí, Rudaí Neamhshaolta, Comharthaí, An Bean Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    A leitidí sin de sgealtaí atá go minic le cluinstin i cois teineadh ins an gheimhreadh san ceanntair seo agus i morán aiteacha eile ar fud na hÉireann. Seo a leanas cunntas a fuair mé ó seanduine da chuid a bhaile fa taidhbhsí agus a leithidi. Na buic oga tá ag éirigh aníos anois ní mo no go néisteochadh siad leat agus tú ag cainnt ar thaiseannaibh soluis agus comhartanna neamh shaoghalta
    Nuair a bhí mise óg a thaiscidh agus can indiu no indé sin bhéad eagla ar gcroiceann orainn i lár an lae ghil agus muid ag dul ar bhealach uaigneach no ag buachailleacht faoi bheannaibh no in áit uasal dén cineál. Can é sin dón dón dream ata ag gabhail anois. Tá siad comh seanaimsearda ó fhágann siad an cliabhain acht an méid a gnothuigh siad ar an bealach sin tá sé caillte acu ar bealach eile. Tá mé mo seanduine ag tuitim ar mo bhata agus ní cumhan liom taidhbhse a feacáil go fóill acht níl me liom fhéin mar sin. Ar ndóighe is iomdha sin solus a chonnaic mé acht níl dochair ionnta. An duine a fuair bás
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. banshees (~369)
    Language
    Irish
    Collector
    Brian O Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Peadar Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male