School: Tráigh Éanna (roll number 16030)
- Location:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Teacher: P. Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a thógail. Fuair sé an pinnsíun agus chuir ina phóca é. D’fhág sé na leabhartaí in Oifig an Puist agus dubhairt leis an bhean a bhí ins an Oifig go rabh sé ag gabhail na bhaile. Bhí iongantas ar [an dóigh] gach duine an dóigh a rabh sé gléasta. D’imthigh sé treasna an cnoc a lá sin go rabh se [ins an] iongantach comgarach do na Gleanntaí. Bhí sé ar an bhealach mhóir anois agus fuair sé suas le trucail a bhí ag gabhail isteach ‘un na bhaile agus d’iarr an fear a bhí ag tiomáint an beathaidhaigh ar an fear a bhí ag siubhal a teacht aníos ar an trucail. Chuaidh sé suas agus bhí comhradh bréagh ag an bheirt acu. Stad an comhrádh’ nuair a bhí siad ag teacht comgharach do bhaile mhóir. Mar buailfeá do dá bhois ar a chéile rith an cat dubh treasna an bhealaigh móir rompa. Dubhairt an fear a bhí ag imteacht dubhairt sé gur sin comhartha mi-ádh. [B’ríor]? é. D’imthigh se maidín la ar na bharach agus níor phill sé ariamh oshoin. Marbhughadh mí na diaidh sín é in Albain. Tá morán sgeultaí itaoibh an chait dhuibh ins an ceanntar seo.Bean Ruaidh -: Má tá tú ag gabail ar aistir iongantach fada agus bean ruadh a cástar ort bhéidh droch ádh ort fhad is bhéas tú ar an aistir. Béidh achan rud ag gabail in do éadain. Da mbéadh sé ag siubhal b’feidir go mairbfidh é le gluaistean no dhá mbéad sé ar rothair bhfeidir go tuitead se agus go mbrisfidh sé a muinnéal.(continues on next page)