School: Tráigh Éanna (roll number 16030)
- Location:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Teacher: P. Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Éanna
- XML Page 111
- XML “Seán agus an Fathach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)braon tae réidh do. Nuair a tháinig tráthnóna dubhairt sí leis an gasúr go rabh fathach annseo agus go gcaithfeadh sé é a chuir ibfolach. Chuir sí é i bhfolach é fao’n leabaidh. Nuair a tháinig an fathach isteach sé an chéad rud a dubhairt. “Motuighim boladh Éireannach annseo anocht”. Ó Tá gasúr beag annseo a choinnigh mise le cuidiú liom agus ba mhaith liom gan rud ar bith a gabhail a chor. Maith go leór arsa’n fhathach agus tabhair amach annseó é go bhfeichidh cia’n cinéal duine tá ann. D’iarr sise ar an gasúr a theacht amach agus tháinig. Tháinig am luighe agus chuaidh an triúr na luighe. Ar maidín lá ar na bharach d’éirigh siad agus dubhairt an fhathach leis an ghasúr go rabh boitheach amuigh annsin nar carthughadh le seacht mbliadna agus go gcaitheadh sisean é cartughadh. D’imthigh an gasúr amach agus thoisigh ar an obair. Nuair a caitheadh sé amach shluasaid thiocfadh bheirt isteach. Ag meadhon lae chuaidh an bhean amach le na dhinnéir agus sonnruigh sí go rabh a dhá oiread istuigh is bhí amuigh. D’iarr sí air a theacht agus a dhinnéir a ithte. Dubhairt se nach rabh am aige go mairbhfeadh an fathach é. Tairringt sí sluasaid bríste bearnach amach as faoi a napron agus chart sí an boitheach do. D’iarr sí air a béith spáisteóracht thart nuair a thiochfad an fathach na bhaile. Árd tráthnóna tháinig an fathach na bhaile agus bhí an gasúr ag spáisteóracht thart. D’fiafruigh an fhathach do’n gasúr a dtearn sé an obair agus dubhairt sé go dtearn. Dubhairt an fathach gur b’e an gasúr is fearr san tír agus go rabh coill tiar annsin nar baineadh le seacht mbliadna agus go gcaitheadh sé é bhaint lá ar na bharach. Dimthigh an(continues on next page)
- Collector
- Brian Ó Dubhtaigh
- Gender
- Male