Laetha na Seachtmhaine
Dia Luain - An lá le tusacht ar obair ar bith mar tá súil go bhfuigheadh tú é a chríóchnughadh roimhe Shatharn.
Dia Máirt - An lá is fearr le pósadh cibé sin an lá is gnáthach le daoine pósadh. An lá fosta le imirce a dheanadh.
Dia Céadaoin - An lá le dul a iasgaracht fhairrge mar sé an lá is adhamhla san t-seachtmhain é.
Diardaoin - Rud ar bith atá le socrughadh agat, fág é go dtí Diardaoin agus socruigh é an lá sin.
Dia h-Aoine - Bás na h-Aoine agus cur an Domhnaigh an bás is fearr mar sin an bás a fuair Íosa.
Dia Satharn - Ní coir tús cur ar obair ar bith go mall Dia Satharn mar is minic a thig an Satharn arais agus ní bheidh sé críochnighthe.
(continues on next page)