School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loughmuck, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh

Filter stories

Back
/ 110 Forward
Resolution: Low | High
Lochmuice | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 63

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

"A chaith síos mise nó beidh deireadh leis." Chaith sé síos é, briseadh a mhuineál. Tháinig Páid 'na bhaile agus bhí dóigh bhréagh air ó shoin amach.

Sibhan Ní Thiomanaidhe do sgríóbh é. Pádruig Mac Daibhid a d'innis domh é. Mín an Arbhair. Mairghead Mac Daidbhaid a fuair sé uaidh.

An Cat: Nuair a bhíos an cat na shuidhe cois na teineadh agus é ag nigheadh a aghaidh, sin comhartha go bhfuil an doinean comhgarach. Comhartha gaoithe móire, an cat a bheith ag sgriobadh clarthaí agus comhartha sneachta é bheith na shuidhe agus a thomhain le teinidh.

An Madadh: Comhartha aimsire olca an madadh a fheiceáil ag ithe féir.
Na Cearca: Comhartha fearthna na cearca a fheiceáil cruinn i gcnap amháin agus iad ag piceadh a gcuid cluimhrigh.
Na Caoraí: Comhartha aimsire olca na caoraí bheith ag ísleadh ar na cnuic agus comhartha aimsire maithe iad a fheiceáil ag ardughadh.

(continues on next page)
Collector
Mícheál Mac Daibhíd
Gender
male
Address
Meenanarwa, Co. Donegal
Informant
Liam Mac Daibhíd
Relation
parent
Gender
male
Address
Meenanarwa, Co. Donegal
Language
Irish