Annsin rinne sé réidh le dhul a luighe acht ní leigfeadh an madadh isteach ins an leabaidh é. Annsin shuidhe sé síos ar chathaoir agus luigh an madadh ag a chosa. Nuair a bhí gach aon duine in a luighe léim an madadh ar an leabaidh agus thuit an leabaidh síos trí pholl a bhí ins an talamh. Léim an madadh arais agus sheas sé ar an urlár. D'éirigh an fear agus dhearc sé síos ins an pholl agus bhí an leabaidh in a luighe thíos ann. Thuig an fear gur i dteach gaduighe a bhí sé agus gur seo an gléas a bhí acu na daoine a mharbhughadh. I ndiaidh tamaill tháinig fear chuig an doras agus bhuail sé air. Níor thug an tÉireannach freagra ar bith air. Shíl an fear a bhí amuigh go raibh an fear marbh agus go bhfuigheadh sé a chuid airgid ar maidin. Ar maidin go luath d'éirigh an t-Éireannach agus d'imthigh sé féin agus an madadh amach ar an fhuinneóig. Chuaidh sé arais go h-Éirinn agus choinnigh sé an madadh go bhfuair sé bás le h-aois.
Cathal Ó Tiomanaidhe, Mín an t-Samhaidhe, Baile na Finne, Leithbhearr a d'innis é dá ingean Brighid.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »