School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cineal Conaill
- XML Page 56
- XML “An Caiftín Óg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is goirid na dhiaidh sin gur fhág siad fá choinne an bhaile agus an cáilín leo. Rinne sí bheiste ioldathach do’n chaiftin a shníomh sí le na lámha féin agus bhíod bród ar an chaptaoin a beith a cathamh. Ach bhí éad mór ar a mate leis agus bhíodh sé i gcomhnuidhe a smaoiteadh goidé mar thiocadh leis cleas feille a imirt air.
Oidhche amhain nuair nach rabh an caftaoin ar a choimhead thug an mate urróg dó agus cuir sé thar an taobh é. Nuair a Thainig an caiftin chuige féin snamh sé leis, mhothuigh sé an feamnach lé na lámha. Rug sé greim ar agus mhothuigh sé go rabh sé ar oilean mara. Smáoitigh sé síos a meabhrú agus a thabhairt buideachas do Dhia.
Níor bhfada do ins an stáid nuair a chonnaic sé chuige bád agus fear ann. Dubhairt sé gurbh eisean an fear a shabhail sé on bás agus go dtainic sé le tarrthail a thabhairt air ins an riocht a rabh sé.
“Léim isteach ins an bád”, arsa seisean, “agus béidmid i Lonndain sul a sroichidh an long é”. D’imthigh siad leo ins na fatha fasaí agus níor fhada gur shroich siad Lonndain.
Anois bhí fear i Lonndain a chaill a ingean. Bhí oifig aige shíos ar an céidh agus ba ghrathach léithese dul síos go minic a d’-amharc air. Lá amhain da rabh sí síos agus í ag amharc isteach(continues on next page)- Collector
- Maighread Ní Mháirtín
- Gender
- Female
- Informant
- Nábla Ní Domhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 89
- Address
- Gabhla, Co. Donegal