School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Cineal Conaill | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

1V
Sé an coigcríoch faraoir a mhuirfeas an saoghal
Sa fágas na daoine buadhartha
Sé bhain díom mo ghraoi ia a ghealuigh mo dhlaoi
Agus níl suamhneas ag aon neach léithe
A dhuine má bhíonn agus na bíodh
Abhfad ó do dhaoine in am gheibhinn
I dtinneas má bhíonn nó i leat trom na síl
Go bhfuil na coimthigh iontaobhtha i nGeibheann

Máire Paidí Feargail- (ann
(Leagan ar “Malaidh Gleann Domhan” i dhá C. de Ceol. Uladh. [Cidhthear]? o seo gurbh í Eilis bean a mic - Donncaidh. De réir an scéil ba cheart go leanfadh ceath. 1V ceath. 1. Mar tá i da C. de C. Uladh). Geobhthar [minich]? iomlán san leabhar udaí i dtaoibh an Scéil. Máire Ní Máirtín, Corr na bFiad, Tamhnach a Mullaigh a chan domh).

Ainnir an Mhalaidh Bhuidhe

An chead lá fuair mé eólas ar mo stóirín ar an Mhalaid Buidhe
Shíl mé gur bí an tsead í mó an réalt eólais ag dul romhaim sa tslighe
Thaitim sí [comhníor]? liom nach bpósain aon bhean ach í
Mo cúig céad slán ag an óig mhraoi tá na comhnuidhe ar an Mhalaidh Búidhe.
Síos i dtoigh an torraidh fuair mé eólas ar mo cáilín donn
Bhí a gruaidh mar na rósa is a béilín mar a’ siúchra donn
Bhí hata os cionn a clóca uirthi agus buclací buidhe de’n bhrás a b’fhearr
Bhí ribín in a bróga sí mo stóirín í go bhfághaidh mé bás

(continues on next page)
Informant
Seán Ó Mairtín
Gender
male
Age
60
Informant
Máire Nic an Bhaird
Gender
female
Language
Irish