School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 150
  3. XML “Ó Domhnaill agus Bráithre Dhún na nGall”
  4. XML “Fáilte Uí Dhomhnaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ó’Domhnall agus Bráithre Dhún na nGall.
    Nuair a bhí O’Domhnaill i gCaislean Dún na nGall, bhí ublaí dhe dith ar lá amhain agus chuir sé teachtaire chuig an mainistir a n-iarraidh. Thainic an teachtaire arais folamh agus d’innis sé gur diúltúghadh é.
    Lá ar na bhárach chuir Ó’Domhnaill an teachtaire arais agus ceathramha muicfeóla leis. Fuair sé na h-ubhlaí an iarraidh seo. Nuair a chonnaic Ó’Domhnaill seo dubhairt sé :-
    “Siad bráithe Dhún na nGall
    A chuireas a gcuid crann go tiugh
    Ní thig tóradh ar a m-barr
    Go dtéighidh seacht saill le na m-bun”
    (Anna Ní Cheallachain a d’innis. Tá an giota seo go leithideach fríd an Condae)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fáilte Uí Dhomhnaill.
    Nuair a bhithear ag deánamh Droicead Dhún na nGall an méad a dheánfaidhe sa lá leagfaidhe san oidhche é. Chuaidh Ó’Domhnaill chuig bean feasa agus d’innis goidé mar bhí.
    Comhairligh sise do fanacht na shuidhe an oidhche sin ag an ath agus, nuair a bhéadh na fir bheaga ag dul tairis anonn ar an chlochán, fáilte a chur rompa ach gan duine ar bith aca a fháiltiú thar an duine eile.
    Rinne sé amhlaidh agus ar uair a ‘mheadhoin oidhche chonnaic sé an marcsluag ag dul thairis anonn agus seo mar dubhairt sé leobtha;
    Fáilte romaibh a fheara cróda
    Sé bhur mbeatha ‘lig in éinfeacht
    Cosa éadtroma thar an ghaoith
    Nach luigheann ar na clocha.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Address
    Milltown, Co. Donegal
    Informant
    Nansaí Aoidín
    Gender
    Female
    Address
    Milltown, Co. Donegal