School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 77

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 77

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 77
  3. XML “Diarmaid Mac na Baintrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí baintreabhach na comhnuidhe san áith seo fad ó shoin agus ní rabh aicí acht an mac amháin. Diarmad a b’ainm do. Tógad in uailinn é agus bhí shliocht sin air. Nuair a thainig sé i méaduigheacht bhí sé na sheadaidhe. Níor luaithe shoir na siar é agus b’ionnan oidhche agus lá dó. Is minic a dubhairt a mhathair go mbéad droch deireadh air, acht ní rabh gar ann.
    Oidhche shamhna amháin bhí sé ar a chois go mall. Oidhche smúid ghealaigh a bhí ann agus e go cuán is nach bhogfad sé ribe ar do cheann. Chuala sé callán ag tarraingt ar agus nuair a thainig an sluaigh i ndeas dó d’aithin sé go rabh siad ag iomchar toirt cosamhail le comhnar síos i lár a bhealaig mhóir agus le bhfaiteadh na súl d’imthigh siad.
    Chuaidh Diarmuid go dtí an chomhair agus d’amharc isteach inntí. Bhí cáilín óg dhoigheamhail na laighe inntí. Leag sé a lámh ar a h-éadar agus rinne sé amach nach rabh sí marbh acht gur na codladh a bhí sí. Smaoieigh sé go dteachaidh an sluagh sidhe a bobaireacht agus go mbuailfeadh seiseann bob ortha. Chait sé ar a ghualainn í agus thug a bhaile chuig a mháthair í. Bhí sí annsin gan cainnt gan coisaidheacht. Gan ucht. Gan mhairg ar feadh lá agus bliadhain. I rith an ama sin thúg an baintreabhac bhocht modh agus uarraim dí acht má thug féin ní rabh sul ar bith aice a beith ina cuidheachta nuair nach rabh cainnt aice.
    Bhí go maith is ní rabh go h-olc go d’tainig oidhche Shamna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Micheal Ó Máirtín
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Druminnin, Co. Donegal
    Informant
    Máire A. Ní Mháirtín
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    40
    Address
    Druminnin, Co. Donegal