School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cineal Conaill
- XML Page 59
- XML “Faire an Bhacaigh”
- XML “An Tobar agus an Dreolán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus b’urranta aca bhí léim an dorais aca. Bhí an cuid a ba laige sin le na [?]cosa. Cuid eile nach rabh in-innimh corraighadh as áit na mbonn. Cuid eile thuit na gcnap i laige. Chuid a loitead sa teangbhail agus a chuaidh (tra) arsta ‘féin. Ní chluinnfea a dhath indo chluais acht caoineadh agus screadach agus béicfeach.
Bhí fear mór uachtach amhain ann a bhí annonn go maith i mbun a stuidéir. Chuaidh sé isteach agus cheanngail sé an marbhanach arís. Sgairt sé isteach ar an té a bhí fágta amuigh go n-abradh siad (siad) an paidrín. Chruinnigh siad isteach go h-úr nuaidh arís.
Bhí bean an toighe na seasamh ar leit na teineadh. Bean uath mhallach rásganta a bhí inntí a mbhead na comharsanaigh i gcomhnuidhe ag lagadh uirthí. D’amharc sí thart ceithre coirneil an toighe agus leigh sí uaill amhain aistí a chraith an t-urlár fuithe.
“Dá mbíodh múnadh orraibh”, arsa sise. “Dheanan lá go lá fheil Oádraig nach gcoinneochainn sé istoigh é acht ó tharla nach bhfuil rachaidh scaol air ar bhéal mhaidne”. - An Tiolar agus an Dreolán.
Thug an tiolar siorradh thart ar an fhál agus sgiorr an dreolán isteach faoi fhoscadh a bhadhbdhúin féin. Labhar an tiolar- “A éin bhig is deise a bhfaca mé riamh gabh ar mo mhuin go dtéighidhmid suas os cionn na néaltaí agus gheobhaidhmid radharc ar an domhan mhór”. Labhar an dreolán amach leis- “Níl dúil agam in aedhar an tsaoghail, níl árd agam ar phlámas ba beag ar tóin do phutóige. Mise is clann mo mháthra”.- Informant
- Donnchadh Ó Sléibhín
- Gender
- Male
- Address
- Edergole, Co. Donegal