School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 132

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 132

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 132
  3. XML “Séamus 'Ac Loinsigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Séamus Ac Loinsigh.
    (Ba) Séamus Ac Loinsigh croidhe na Féile.
    Éadán soineanta is lámha réidhtigh
    Cumalach mín. scabfadh an saoghal
    Sláinte do Shéamus Ac Loinsigh.
    Bhí cuid aca bhuailfeadh sa bhéal é
    Bhí cuid aca ghlacfadh níos réidh é
    Bhí trí lán meadair i láimh gach duiune
    Agus sláinte do Shéamus Ac Loinsigh.
    Ba Séamus Ac Loinsigh croidhe na féile
    Buachaill cliste lúthmhar éadtrom
    Bhí sé comh cliste as nac mbéadh sé ar meisce
    Da mbíodh sé ag ól go cionn bliadhna
    Ta cáiliní ‘n bhaile seo i nGrádh leis.
    Tá siad ag cailleadh a sláinte
    Nuair (a) imithigheann sé uatha bíonn siad go buadhartha
    Go dtarann sé arais i láthair.
    Dheánfad sé seól as spólta túirne
    Lúm (agu)sa(n) tslinn agus maide luastair
    Páirt de’n stucaim a cuirfead in ughaim
    Seo sláinte do Shéamus Ac Loinsigh.
    (Amhrán ólacháin. Brighid Ní Ghallchobhair, 74, Gleann Tórnán, Dún Luighche, Gaoth Dobhair a chán. Tá Guth an bhinn aice ar an tsean -nós. Déirtear gur Rí - cheólaidhe a bhí in a máthair - Maighread Nic Phaidín)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    74
    Address
    Gleann Tornáin, Co. Donegal