School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 53

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 53

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 53
  3. XML “Domhnall Amaideach”
  4. XML “An Caiftín Óg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    oír duit. Tá ceann Dilain mo mhic, Thuas ort agus creidim gur tú Domhnall”, arsa mháthair.
    D’fhág Domhnall slán agus beannacht ag a mhuintir fhéin – Phós se nighean an fhir a fuair an barraílle eile oír, agus bhí sonas agus séan ar an iomlán aca, fhadh agus mhair siad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An Caiftín Óg.
    Chuaidh cailín as an áit seó ar fheastódh i gCondae Thír Eoghain agus nuair a bhí sí cupla bliadhain ann posadh I agus bhí dóigh bhreagh uirthí. Acht indiaidh tamall bhig, nuair nach rabh acht tachran amháin aca, chaill a fear-cheile a lámh agus fuair sé bás. Thainic sise arais agus an páiste léithe ag tarraingt ar a muinntir fhéin go dtainic sí go Gaothdobhair agus nuair a bhí tuitin na h-oidhche ann cé casadh uirthí ach fear siubhal. Cuir sé forrán uirthí agus d’fhiafraigh sé cha rabh a triall. D’innis sise a sgéal dó o thús go deireadh.
    “Beirfidh mise comhairle do leasa duit”, arsa an fear siubhail.
    “Thig leat a dhul a chruinnín do chodach liomsa sa lá má fhágann tú an pháiste ar scoil croc a’ stolaire agus thig leat a dhul na aircis san
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0505: Dead Man as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Maighread Ní Mháirtín
    Gender
    Female
    Informant
    Nábla Ní Domhnaill
    Gender
    Female
    Age
    89
    Address
    Gabhla, Co. Donegal