School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 44

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 44

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 44
  3. XML “Gilbín Beag agus Gilbín Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sin ann agus is fada ó bhí beirt fhear Gilbin Beag agus Gilbín Mhór. Bhí dhá bhó ag Gilbinn mór agus ní rabh ag g. Beag acht bó amhain. D’imthigh G. Mór annsin agus mharbhuig sé bó G. Beag. D’feann G. Beag a bhó agus lá ar na mhárach d’imithigh sé na bhaile mór agus croiceann na bhó leis. Nuair thainig sé comhgarach de’n baile mór chonnaic sé sgafta éanacha na suidhe ar bhárr crainn. Spréidh sé an croiceann ar an talamh, taobh na feola de onáirde agus luigh sé féin faoi. Chruinnig na h-eanacha agus thoisig siad ag piotad na feóla de.
    Thug sé leis ceann de na h-éanacha agus d’imthigh se leis. Go dtainig sé fhad leis teach olachain. D’iarr sé ar bhean an tábhairne gloine de’n chuid a b’fearr a thabhairt dó. Thug an bhean an gloine dó. Bhruigh sé an téan agus leig an téan sgread as. “Bidh do thosit”, arsa seisean, leis an éan. D’fiafruig bean an tábhairne dó goidé bhí an téan ag rádh. “Deir sé nach é sin an chuid a b’fhearr”. Thug sí gloine eile do annsin. Bhrúigh séan téan arís agus leig an tean sgread eile “Bí do thost”, arsa seisean leis an éan. D’fiafruigh bean an tabhairne do goide bhí an téan ag rádh. Deir sé nach h-é sin an cuid a bhfearr ach oirid”. Tug bean an tabhairne an tríomadh gloine dó. Bhruig sé an téan aríst. Agus leig an t-ean sgread eile. D’fiafruig bean an tabhairne dó goide bí an tean ag rad. “Deir sé go bfuil sin níos fearr”. D’fiafruig bean an tábhairne dó goide ghlacfadh sé ar an éan. Dubhairt sé nach nglacfadh sé óir na airgid air. Dubhairt sí go dtabairfeadh sí lán mála óir dó ar an éan. Thug sé an téan duithe. Agus thug sí lán mála óir dó air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1119: The Ogre Kills his Own Children
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Collector
    Róisín Ní Mháirtín
    Gender
    Female
    Address
    Druminnin, Co. Donegal
    Informant
    Máire A. Ní Mhaírtín
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    40
    Address
    Druminnin, Co. Donegal