School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 128

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 128

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 128
  3. XML “Amhrán Cumhaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán Cumhaidh
    Sé an Bogach atá uaigneach níl suairceas ann anois no greann
    O d’imthigh sgoith na nuaisle se mo thruaighe mar scar siad linn
    D’athruigh mé na nuaire mo thruaighe gus torthaí crainn
    Ba bhinne na na cuacha suairceas a mbéilín binn.
    Siad na beirnigh a bhí clúiteach breag fiúntach is nach dtréigfeadh an ród,
    A dtriall ‘un oileain Uir is gan dúil na go dtiocaidh ár gcómhair
    A mhaighread is tú mo thruaighe do ghruaidh bheith ag sileadh deór
    Nuair a tiocfaid siad go hÉirinn béidh pléisiúr in áit an bhróin.
    Cumhdach mór [ó]? Árd Rí go bhfaghaidh sibh ar [niuir]? is ar tír
    Fortún go rabh i ndán daoibh is nár fhághaidh sibh briseadh croidhe
    Ba deas a lorg láimhe gach áit d’a bhfuil sé sa tír
    Sé measann go bhfuighinn an tsláinte dá mbíodh parrthas agam le bhur dtaoibha
    A phlannda dheirbh fhirinn, an féidir go dtiocaidh an comhair
    No go bhfeicfear ar an chéidh sibh ins na réagúin abhfad ar siubhal
    Tiocfaidh deallramh deas ó’n ghréin in do scéimh ‘gus ma mheath do ghroidhe
    John mo bheannacht fhéin leis an méid agaibh a d’fág an tír.
    Tá an Bogach shíos in aice le Cill Cartha.
    (*Anna Nic an Bhaird - Anna Pháidí Fheargail - An Grianan. Loch Iasg, 75 bliadna a thug damh an t-amhrán seo. Bhí fonn brónach aicí leis cosmhail le “Plain Chant”. Tá an Bogach in aice le Cill Cartha agus is cosmhail gur imthigh ceachrar dearbhráthair de na beirnigh go [Meiriotha]? agus go rabh cumhaidh ar a mathair na ndiaidh. D’athruigh mé na huaire = thainic athrach orm go dtiocaidh a comhair = go dtiocaidh ar gcomhair.
    *Fuair sí bás Eanair 1938 - Go ndéanaidh an Rí a maith uirthi.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Nic an Bhaird
    Other names
    Anna Nic an Bhaird
    Anna Pháidí Fheargail (local name)
    Gender
    Female
    Age
    75
    Address
    Greenan, Co. Donegal