School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 131
  3. XML “Éirigh Suas a Róise”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Éirigh Suas a Róise.
    “Éirigh suas a Róise go n-ólaidh dall do bhróga
    Ní bhfúigfidh sé in do phóca feóirling no pighinn
    In áit an síoda as sról go mbéidh bun do phluid mar shéol ort
    Gabhail tart ghach a’n tráthnóna ag cruinniú do chíos’”.
    “Seo (a) nighean óg na páirte (an) rud ba deacra liomsa rádh leat
    Ná measaim féin a pháiste gur chaill tú do chiall
    An nidh atá le deánamh as gan gar a bheith ag trácht air
    Beir thusa greim láimh ‘uirthi as siubhalfaidh sé do dhiaidh”
    Sé d’éirigh an nighean go dána gur labhair sí le na father
    “A dheaidí na bíodh cás ort fá’n nidh seo tá mé (a) rádh
    An fear sin tá tú (a) rádh liom ní phósfaidh mé go deo é
    No go dtigidh Rí na Spáinne gus an Franncach na dhiaidh”.
    “Is mise tá go brónach ag amharc ar mo Róise
    Gan uirthi fiú na bróga nó cóta le na saoghal
    Dá nGlacadh sise comhairle as an buachaill óg a phósadh
    Nach uirtí bhéadh an dóigh ag ól a cuid fíon?”.
    “Má chaill mise (an) radharc níor chaill mé luth na méar
    Bheirfinn ól ar aontaigh as pléisiúr go leór
    Ach cáilín bocht gan céill thú (ag) gabhail thart ag iarraidh déirce.
    Bhéadh leabthacha crómhín agat in éadán mo thoigh”.
    (Labhrann an t-athair ins an chead agus an dara bhéarsa ag iarraidh ar a nighean an dall a phósad. San tríomhadh bhéarsa diúltann an nighean dó. Ins an ceathrú bhéarsa labhrann an t-athair. Labhrann an dall é féin sa cúigeadh bhéarsa.
    Brighid Ní Gallchobhair, 74, Gleann Tornán, Gaoth Dobhar a chán) 30/8/38.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Ní Gallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    74
    Address
    Gleann Tornáin, Co. Donegal