Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 53
- XML “Domhnall Amaideach”
- XML “An Caiftín Óg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)oír duit. Tá ceann Dilain mo mhic, Thuas ort agus creidim gur tú Domhnall”, arsa mháthair.
D’fhág Domhnall slán agus beannacht ag a mhuintir fhéin – Phós se nighean an fhir a fuair an barraílle eile oír, agus bhí sonas agus séan ar an iomlán aca, fhadh agus mhair siad. - An Caiftín Óg.
Chuaidh cailín as an áit seó ar fheastódh i gCondae Thír Eoghain agus nuair a bhí sí cupla bliadhain ann posadh I agus bhí dóigh bhreagh uirthí. Acht indiaidh tamall bhig, nuair nach rabh acht tachran amháin aca, chaill a fear-cheile a lámh agus fuair sé bás. Thainic sise arais agus an páiste léithe ag tarraingt ar a muinntir fhéin go dtainic sí go Gaothdobhair agus nuair a bhí tuitin na h-oidhche ann cé casadh uirthí ach fear siubhal. Cuir sé forrán uirthí agus d’fhiafraigh sé cha rabh a triall. D’innis sise a sgéal dó o thús go deireadh.
“Beirfidh mise comhairle do leasa duit”, arsa an fear siubhail.
“Thig leat a dhul a chruinnín do chodach liomsa sa lá má fhágann tú an pháiste ar scoil croc a’ stolaire agus thig leat a dhul na aircis san(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Mháirtín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nábla Ní Domhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 89
- Seoladh
- Gabhla, Co. Dhún na nGall