Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 119
  3. XML “An Cróchrann (Cróchnáid)”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Crochrann (=Crochnáid).
    Sin taidhbhreamh nó briongloid a bhéadh ag duine in a bhfeicfidhe torramh nó bás tobann a bhéadh i ndán do duine saoghalta. Dá gceiltí an crochrann ar an duine sin thiocadh sé fíor acht da [ninuisté]? é do’n duine go díreach mar connaictheas é san taidhbhreamh bainfaidhe an tolc as agus ní bhéadh níos mo de.
    Donnchadh Chathail as na sléibhte bíodh sé ag luadadh go bhfaca sé a leithead seo no a leithead sin ins an chrochrann (mar d’eadh!). Bhíodh na daoine seo na rith chuigeann sin nuair a chluinfeadh siad é, ar eagla na hurcoide agus bheireadh siad luach a shaothair do as é a innsint daobhtha go hiomlán agus annsin bhéadh an ghoimh bainte as. Cuir sé amach ar an clann Dálaig, na sár-fir fairge sin as Baile Eoin go bhfaca sé a gcosa da nighe (bhí siad da mbathadh) ag súil go dtiocadh siad chuige cosmhail le duine. In áit sin chuaidh siadsan ionns’ air an Sagart Mag Fhloinn ar an Chlochan Liath. Chuir an Sagart scéala ar Cathal agus thug air seasamh as comhair an pobail aifrinn Dia Domhnaigh agus [áidbhéil]? go puiblidhe nar chan sé in a cuid cainnte acht bréaga i dtaoibh an Chrochrainn agus go stadfadh se de feasta. Chuir sin deiread leis an Crochrann bréige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nuala Ní Dochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    86
    Seoladh
    An Chruit, Co. Dhún na nGall