Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “Comhairle na Máthara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Comhairle na Máthra.
    Cáilín a bhí ann a rabh ‘notion’ ag triúr fear duithe. Bhí súil ag ghach a’n duine de’n triúr uirthi agus is cosmhail gur chuir gach duine aca, án ceust deacair’ uirthi taobh istoigh de spás goirid. Ní thiocfadh leithe deanamh amach go rabh toil aici de a’n dhuine aca thar an duine eile. D’iarr sí [cáirde]? i ngach cás agus d’innis sí an scéal da mathair.
    Bhí ceann fada ar an mhathair agus cuir sí [couian]? uirthi dul go dtí achan teach aca ar a sheal agus í cóirighthe i riocht bean deirce go bfeicfeadh sí duithe féin goidé an cineal beo i bhí in gach teach aca fá leith.
    An chead teach a dteachaidh sí ann ní rabh aon dhuine istigh ach an mathair. Dubhairt sí nach dtiocfadh leithe í leigint isteach nó go rabh an mac ag coirín an toighe le bean a thabhairt isteach ann.
    Dubhairt an cáilín gur cuma leithe, go ndeánfadh sí seift duithe féin agus go mbéadh sí ar siubhal le teacht an lae maidin i mbárach.
    Nuair a thainic an fear óg isteach bhí sé cineal [mall]? san oidhche agus bhí an mhathair na luighe. Bhí an bhean óg na luighe cois na teineadh. D’fhiafruigh sé do’n mháthair cé bhí sínte annsin agus labhair sé go goirgeach léithe. Dubhairt a mhathair gur bean bocht a bhí ann. Thiompuigh sé ar a mháthair go garb agus thug teanga mhilltineach duithe gheall ar í leigint isteach.
    Rinne sé a shuipear annsin agus chuaidh a luighe. Bhí an cáilín óg ar shiubhal ar maidin sul ar éirigh a’n duine. D’innis sise do’n mathair nuair thainig sí goidé mar bhí.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nóra Nic Giolla Bhrigde
    Inscne
    Baineann
    Aois
    84
    Seoladh
    Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall