Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Mac an Rí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 47

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Chuaidh mac Ríogh Éireann agus a dhearthair amach a sheilg uair ins an geimhreadh. Char chas rudh ar bit leó ach fiach dubh. Scaol mhach an ríogh urcáir leis agus mharbh se é. Thuith an téan anuas ar an tsneactha, bhí an sneachta dearg le na chuid fola. Nuair a connaich an dearthar an dath dearg ar an tsneachta geal dubhairt sé nac bpósfad sé bean ar bith ach bean a mbéadh a gruaig go dubh leis an fiach agus a gruadh go dearg leis an fhuil agus a craiceann comh geal leis an tsneachta. D’imthigh se leis annsin agus bhí sé ag siubhal leis gur thuit an oidhche air. Fá dheireadh chonnaic siad solas i bhfad uaidh. Tarraing sé air agus connaic se go rabh an solas i dtoigh bheag ar taobh an bhóthair.
Bhuail sé ar an doras agus leig muinnthear an toighe isteach iad agus cuir siad fáilte rompa. Cuaid a deartair abhaile ach cuaid seisean isteach.
Oidhdce Shathairn a bhí ann. Nuair a dhéirigh sé ar maidin chuaidh sé féin agus muinntear an toighe go dtí an teachphobal. Nuair a d’éirig sé ar maidin chuaidh sé fein agus muinntear an toighe go dtí

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Eibhlín Ní Máirtín
Inscne
baineann
Seoladh
Goladoo, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Seán Ó' Máirtín
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
46
Seoladh
Goladoo, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge