Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 156

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 156

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 156
  3. XML “Ag Geaftaí na bhFlaitheas”
  4. XML “An Ghaoth Anoir agus an Fhearthainn Aniar”
  5. XML “Tomhas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Moladh agus buaidheachas duit, a mhic Dé nár choinnigh aon duine ariamh amach as do Ríoghacht agus ní choinneocaidh tú mise amach as do mhór - throcaire agus grásta”.
    Fosgladh an doras do annsin agus hiarradh air teacht isteach.
    (Nóra Nic Giolla Bhrighde (84 bliadna i lughnasa 1936), Machaire Clochair, An Bun Beag, a d’aithris na ceithre sgéalta [deireanna]? acha seo. Siubhan Ní Dhochartaigh a scríobh síos iad)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. “An Ghaoth Anoir agus an Fheartainn Aniar”
    Bhí buachaill as an áit seo ar fasta ins an Lagan agus bhí a mhaighistir go han dian air _ ní thabharfadh se baoghal ar a sháith do le hithe. Mharbh se bullóg uair amhain agus is beag sgiar a fuair an buacaill aimsire seo. Thainic an buachaill isteach oidhche amhain ó bheith ag áirneal agus chuir fear an toighe ceist air goidé an cineál oidhche bhí ann.
    “Tá an ghaoth anoir agus an fhearthaina aniar” arsa seisean, “agus níl sé ag cur nó na thuradh”.
    “Nach mór an tiongantas sin”, arsa an fear.
    “Ní mó an tiongantas é ná an [mart]? uilig bheith na cruadhógaí”, arsa an stocach.
    Fuair a buachaill comhthrom na Féinne o sin amach.
    (Nuala ní Dochartaigh, (87) Oilean na Cruite, Ceann Caslach)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.