Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 62

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 62

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 62
  3. XML “Sasanach Mhachaire Gathláin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt dhearbhrathair, Peadar O’Curráin agus Féidhlimid O’Curráin na gcomhnuide i Machaire Galthain i ba leobtha an duthaigh seó uilig. Bhí cuid mhór coirce ag Peadar. Ins an Fógmhair toisig Feidhlimid gha ghoid cuid coirce Pheadair.
    Chuaidh Peadar i bhfolac ins an choirce oidhche amháin agus rug sé ar a dhearbhrathair agus bhain sé an ceann de. Chaith sé an ceann suas ar bharr a scathlán agus nuair a bhí an sagart ag léigheadh an Aifrinn thuit na deóra fola anuas ar an leabhar. Bhí fhios aige an coir a rinne an fear eile agus sé an breitheamhnas a chuir sé air roilig a chur thart ar an scáthlán i bhfuira cónrach i droichead a chur ar abainn a chladaigh.
    Rinne sé in dá rud seo agus lá amhain bhí sé ag teacht anuas as droichead a cladaigh casadh air ceann bó. Thug sé cic do ceann na bó agus léim fear beag ribeach ruadh as. Thug Peadar na bhaile é agus d’fhán sé aige trí bliadna. Rit an ama sin ni thearn sé acht trí gháire(ad) i budh gnathach leis a chuid ama a chaitheamh ar fad ag gearrad cípíní.
    Oidhche Shamhna thainig scaifte fear beag baoideach isteach ar an doras agus rit siad suas an simlear. Nuair a bhí an fear deiridh ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Dunlop
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Currain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall