Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 132
- XML “Séamus 'Ac Loinsigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Séamus Ac Loinsigh.(Ba) Séamus Ac Loinsigh croidhe na Féile.
Éadán soineanta is lámha réidhtigh
Cumalach mín. scabfadh an saoghal
Sláinte do Shéamus Ac Loinsigh.Bhí cuid aca bhuailfeadh sa bhéal é
Bhí cuid aca ghlacfadh níos réidh é
Bhí trí lán meadair i láimh gach duiune
Agus sláinte do Shéamus Ac Loinsigh.Ba Séamus Ac Loinsigh croidhe na féile
Buachaill cliste lúthmhar éadtrom
Bhí sé comh cliste as nac mbéadh sé ar meisce
Da mbíodh sé ag ól go cionn bliadhnaTa cáiliní ‘n bhaile seo i nGrádh leis.
Tá siad ag cailleadh a sláinte
Nuair (a) imithigheann sé uatha bíonn siad go buadhartha
Go dtarann sé arais i láthair.Dheánfad sé seól as spólta túirne
Lúm (agu)sa(n) tslinn agus maide luastair
Páirt de’n stucaim a cuirfead in ughaim
Seo sláinte do Shéamus Ac Loinsigh.(Amhrán ólacháin. Brighid Ní Ghallchobhair, 74, Gleann Tórnán, Dún Luighche, Gaoth Dobhair a chán. Tá Guth an bhinn aice ar an tsean -nós. Déirtear gur Rí - cheólaidhe a bhí in a máthair - Maighread Nic Phaidín)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Gleann Tornáin, Co. Dhún na nGall