Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “Eachtraí an Bhaoghallaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Eachtraí an Bhaoghallaigh
    Ins an am fadó thainic fear de Clann Baoghallaigh amach as oileán Uaighe le dornán earraidhe a fhághail ar tír - mór. Nuair a shroic sé tráig Dún na Séad ar an taobh eile bhí seachtar leaprachán ina suidhe ar an tráigh roimhe.
    “Fáilte romhat a Bhaoghallaigh”, arsa duine aca.”Tá tú ar lorg tobaca agus níl ach píosa amhain fágtha sa t-siopa. Dean deifir”. Ceart go leor ní rabh le faghail aige giota suarach. Chuir sé an tobac in a phoca agus phill sé arais. Bhí na fir sidhe na suidhe ar an áit céadna roimhe, “agus a Bhaoghallaigh” arsa fear aca, “is fada tú ag maoidheamh cota gorm duit féin. Má thig tú [linne]? na Spáinne béidh ceann le faghail agat”.
    “Rachfaidh agus fáilte”, arsa an Baoghallach.
    Tharraing gach sideóg aca buacallán buidhe agus chuaidh a mharcaidheacht air. Rinne an Baogh an cleas céadna agus ar shiubhal leobhtha na Spáinne. Níorbh ‘ fhada go bhfaca siad teach agus d’amharc siad fríd an fhuinneóig agus cinnte go leor bhí cóta breagh gorm crochta taobh istigh. Fuair fear de na sideóga an cóta agus thug do’n Bhaoghallach é.
    Ar ais leobhtha go Beal Uaighe agus labhair an tríomhadh sidheóg annsin, “Ta bainfheas san iarthar anocht, ar mhaith leat dhul ann”. “Ba maith cinnte”, arsa conall, agus ar shiubhal leó go Co Mhuigheo.
    Nuair a thainic siad fhad le teach na bainse bhí cáilín doigheamhail deagh-craicneach ag damhsa. D’fhuadaigh siad í agus as go brathach leo ag tarraint ar Beal Uaighe arais. I rith an aisdir bhíodh an cáilín ar chúlóig le gach duine aca fá seach.
    Nuair a thainic siad go Tráigh na Cruite d’iarr Conall ortha an cáilín a chur ar cúlóig leis. Ní luaithe rinneadh sin ná ghearr sé fáinne thart ar an bheirt aca ar an tráigh leis na sideógach a coinneal amuigh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Currín
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seosamh Dunlop
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall