Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Amhran Thoralaigh Uí Shiadhail‘Na cuain a chuaidh mé an lá sin mar in níl go bhfuiginn tarrthail [ainm]?
An áit a rabh scádain na gcarnán isteach leis na bádaí cruinn
Ní rabh a’n airtiogal liom acht an mála leis na scadáin a shathadh ann
Sé mheas mé gurbh fhearr damh an beathach a coinneothadh an mála ó’n druim.D’éirigh mé ar maidin Dia Máirt agus thug mise searsa = séirse anonn
(Ionns) air Shéamuis an Áird, an tsean hata gránna cruinn
Thúsaigh mé trácht ar an bheathach agus ní dheanfadh se athrach liom
Dubhairt sé go rabh sé sa stábla gan crudh ar a dheánfadh [lainn]?Chuaidh mé ‘sair conall an lá sin agus d’innis mo chás go cruaidh
Dubhairt Conall go bhfuighinn an láir bhán dá dtarrnothadh sí an bád gan roinn
A Chonaill beirim an “bál” duit is fearr tú go mór na’n flin
A shéamuis is a gearán gan sásamh nar ith léithe = leis a shaith in amAg dul suas ar Malaidh an Altaí is láidir (e nuair) nár briseadh a croidhe
Da mbéadh fhios ag Conall an lá sin go gcuirfeadh sé an Mallaidh) ‘Sailí”
(Anna Nic an Bháird, An Grianan, Loch Iasc, nach maireann a thug damh. Fear darbh ainm Toralach O’Siadail as Gleann Finne a thainig go Tamnach Mullaigh, ag iarraidh capaill ur iasacht go dtabharfadh sé lod lód Scadón beag aniar as Inbhear. Thainic se ionnsair Sheamuis Oh Ilfeartaigh Tamhnach Mhullaigh ag iarraidh a capallsan ach dubhairt seisean go rabh se gan cruidheacha. Chuaidh se go athair Johnnie Conaill Eadar Gabhail annsin agus thug seisean a chapall do go sásta.
Fear mór ceol ba eadh Toralach agus rinne se ámhran ar an ócaid seó)
Féach leath. 83 - tá scéal fá Toralach ann.- Faisnéiseoir
- Anna Nic an Bháird
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Grianán, Co. Dhún na nGall