Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 118
  3. XML “Altú roimh Bhia”
  4. XML “Altú i ndiadh Bia”
  5. XML “Tobac i ndiaidh Bia”
  6. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Altú (roimh biadh) bhidh
    Beannuigh sinn a Dhia, beannuigh ar mbiodh gus ar ndeoch A Chríost is tú a cheannuigh sinn go daor agus shaothruigh sinn ar gach olc
    Bail na gcúig arán agus an dá iasc
    Ar an cúig míle rann Dia
    Rath an Rí-an Rí a [roinn]?
    Go dtigid ar ár gcuid is ar gcómhar
    Gura seacht bhfearr a bhéidheas muid bliadain o indiú
    [Tus]? an grásta is mo agus an peacaidh is lúgha
    [Amen]? A athair Shíorruidhe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Altú indiaidh bidh.
    Glór moladh altú agus buidhchacas dón athair shiórruidhe agus do’n Mhaighdean Mhuire ar son gach tiodhalce agus grasta da dtug sé dúinn ó thainic muid ar an tsaogal seo agus ar son gach codach a caithmid ariamh gan altú
    [Amen]? a Athair Shíorruidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nainsí Ní Cheallacháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    77
    Seoladh
    Tamhnach Ghorm, Co. Dhún na nGall
  3. Tobac indiaidh bidh
    “Tobac indiaidh bidh is ar mraoi an toigh sin”
    “Níl an stroinse buidhe ag siubhal na slighe nár bheag an cíos do é bheith leis”
    “A chailleach crón buidhe beag a b’fiú do chuid bidh le leithid de cíos a bheith air”
    “Nias olc leatsa mo cuid bidh gabh an tslighe as na bain leis”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  4. (a) Ghiolla Pheadair, (a) Ghiolla Pheadair car codluigh tú réir
    Chodluigh mise miar chodluthainn ag [mac]? dílís dé
    Ca gcodlochaidh tú anocht. Faoi cosa na mbocht
    Ca gcodlocaidh tú i mbárach faoi cosa. Phádraig
    Brigid agus a brát. Micheal agus a sgiath
    Dá [cáin]? geal de fá mo anam
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.