Mo Thúirne Lín.
An bhliadhain sul ar [pósads]? stór mo chroidhe
Ba goirid mo lónsa ach punta lín
Ach annsin nuair a phósas as cuaid i gceonn toigh
Bhí bun ar an punt i gcionn trí mhí
(Cúrfa)
O mo bhean is mo clann is mo túirne lín
Mo cupla punt go deo gan suíthin
Dhá lá na luighe in aghaidh lae na suidhe
‘S go dtógaidh Dia Dílis an cúram díom
Nuair a [théidimse]? go corcaigh le céad de’n [lin]?
Ní sméarta no bhróga le haghaidh na slighe
Ach bean de na comarsan i [gcúinne]? an toigh
Na codlad go sámh go h-eadaradh buidhe
(Cúrfa)
Tá bean agam féin is nár mairidh mé í
Nár mairidh sí agam is nár mairid mé í
Da mb’eigin damh Eirinn a shiubhal le na cioinn
Go rachfainn faoi’n chrochar i gcionn trí mé.