School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cineal Conaill
- XML Page 55
- XML “An Caiftín Óg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chonnaic siad ceathar fear uatha agus poll mór deánta aca. Bhí fear eile leó agus é na luighe ar an talamh agus é ceangailte de lámh agus de chos. Tharraing siad níos comhgaraighe agus chualaidh siad an ceann faidhain ag cainnt.
“Mar ndíolaidh tú na chúig punta”, arsa seisean, “cuirfear tú ins an uaigh seo beó beitheach i gcionn cúig bomaite”.
“Féacaidh mé le na dhíol má bheireann tú tuilleadh spáis damh”, arsa an fear a bhí ceangailte.
“Dheamhain spás no spás a fhaghas tú”, arsa seisean. Thug sé ordú do na fir eile agus chaith siad isteach san uaigh é agus thoisig ag cathamh na creafóige ar a mhullach.
Léim an caiftir suas chuca agus chaith sé chuca na cúig punta agus d’iarr ortha an fear a leigint shaor. Rinneadh seo agus d’imthigh siad leobhtha. Nuair bhfhada daobhtha gur chualaidh bean óg ag screadaigh go truaghcanta agus í ceangailte do chrann. D’fhiafruigh siad dí goidé ba adhbhar a (buaidhreamh) buartha.
“Tá mé le doghadh anocht mar íodbhairt do na deithe bréige”, arsa sise “agus níl fuasgladh i ndán damh no béidh an chuideachta annseo sar i bhfadh”.
Ghearr an caftaoin a cuid cuibhreach agus cheangail siad allta in a h-aít agus thug leo í.
Bhí an cáilín buidheach beannachtach do’n chaiftín.(continues on next page)- Collector
- Maighread Ní Mháirtín
- Gender
- Female
- Informant
- Nábla Ní Domhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 89
- Address
- Gabhla, Co. Donegal