Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 56

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 56

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 56
  3. XML “An Caiftín Óg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is goirid na dhiaidh sin gur fhág siad fá choinne an bhaile agus an cáilín leo. Rinne sí bheiste ioldathach do’n chaiftin a shníomh sí le na lámha féin agus bhíod bród ar an chaptaoin a beith a cathamh. Ach bhí éad mór ar a mate leis agus bhíodh sé i gcomhnuidhe a smaoiteadh goidé mar thiocadh leis cleas feille a imirt air.
    Oidhche amhain nuair nach rabh an caftaoin ar a choimhead thug an mate urróg dó agus cuir sé thar an taobh é. Nuair a Thainig an caiftin chuige féin snamh sé leis, mhothuigh sé an feamnach lé na lámha. Rug sé greim ar agus mhothuigh sé go rabh sé ar oilean mara. Smáoitigh sé síos a meabhrú agus a thabhairt buideachas do Dhia.
    Níor bhfada do ins an stáid nuair a chonnaic sé chuige bád agus fear ann. Dubhairt sé gurbh eisean an fear a shabhail sé on bás agus go dtainic sé le tarrthail a thabhairt air ins an riocht a rabh sé.
    “Léim isteach ins an bád”, arsa seisean, “agus béidmid i Lonndain sul a sroichidh an long é”. D’imthigh siad leo ins na fatha fasaí agus níor fhada gur shroich siad Lonndain.
    Anois bhí fear i Lonndain a chaill a ingean. Bhí oifig aige shíos ar an céidh agus ba ghrathach léithese dul síos go minic a d’-amharc air. Lá amhain da rabh sí síos agus í ag amharc isteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0505: Dead Man as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Mháirtín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Nábla Ní Domhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    89
    Seoladh
    Gabhla, Co. Dhún na nGall