School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)

Location:
Trafrask, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 306

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 306

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Page 306
  3. XML “Na Fianna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtear go dtáinig na Fíanna go dtí an paróiste seo fadó agus go dtí Caisleán Beara, i bhfad sar a raibh Caisleán Béara mar ainm air. Deirtear go raibh cailín spáineac in a cómhnuidhe i mBeanntraíghe. Lá amháin cuaidh duine de bFíann go dtí Beanntraíghe agus do cas sé leis an cailín sin agus taréis tamaill do posadh íad agus do cuadar go dtí Caisleán Béara cun comnuidthe. Béara abainm d'on cailín agus nuair a bhíodar ag fágáilt an áit do bhaistíghedar mar ainm air indhíaidh an cailín. Tá sráid baile ana beag ar an dtaobh thíar de Eadargóil ins an paróise seo agus Rionabuilge atá mar ainm air. Tá áit ann agus Leaba Díarmuda a tugtar air. Áit mín réid iseadh é agus tá sé idir dhá carraigeaca agus tá sé ar nós plúis. Creideann na daoine gurab é an cúis in a tugtaí an ainm sin air, ná fadó nuair a bhí na Fianna ann do bhí duine díobh dar abainm dó Diarmuid Ó Duibhne agus do bhí cáil mór air toisc a áilneacht is a bhí sé. Dob é Cormac Mac Airt an rígh a bhí ar Éirin an uair sin agus do bhí inghnean ana aluinn aige dár abainm di Gráinne. Do bhí gradh mór ag Fionn Mac Cúmhaill di agus bhí sé cun í do pósadh ac níor mhaith le Gráinne é sin do pósadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Concubhair
    Gender
    Female