School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)

Location:
Trafrask, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 281

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 281

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Page 281
  3. XML “Dealramh an Pharóiste seo Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is mór an athrugadh atá tagaithe ar an paróiste seo anois seacas fadó. Fadó bhí an bóthair suidhte ar clíatán an cnuich ach anois tá se chois an fairrge. Is dóich linn ná bfuil tracht ag aon duine cathain a deineadh an seana bóthair ar dtúis tá sé cómh fada san déanta. Bhí na siopaí agus na tighte agus an séipéal suidte ar an seana bóthair. Ní raibh aon bóthair eile ins an parósite fadó ag na daoine cun dul go dtí aon áit ach an bóthar sin. Tríd an bóthar sin a teigeadh na daoine go dtí Beanntraighe fadó i gcóir na h-earraí go léir mar ní raibh aon siopa eile níos congairí dóibh. Bhí an cuid is mó de's na daoine ag maireactaint in aice an bóthar. Dhá brig sin bhí saghas baile ann. Tá rian a lán tighte caitte le feisgint ann fós. Is dóich linn go raibh ana trioblóid ag na daoine cun an bóthar sin a déanamh mar tá a lán srotanibh móra ag dul treasna an bóthar agus níor mór do droiceada beaga do deanamh. Tá rian séipéal tiar i Massmount ach n'íl ach na fallaí ann anois.
    Tá tobar naomta suas in aice an cnuich agus deirtear gur gabha a fuair é ar dtúis. Bhí an gabha anuas ar an gcnoch lá agus do connaich se an tobhar. Bhí sé beagnach dall. Cuaidh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Patricia Ní Néill
    Gender
    Female