School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)

Location:
Trafrask, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 268

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 268

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Page 268
  3. XML “Cruatan a Rug ar na Daoine san Áit seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    do scéith duine éigin rún a bhí acu agus dubhradar go raibh fhios acu cé dhein é ach bhí dearmhad ortha do loiteadar tig na mba agus gach rud gur leo é
    Uair amháin thógh leanbh bosca lasáin amach ins an iothalainn agus dearg sí iad agus cuir agus cuir sí súas cun an féir iad. D'ógadh gach pioch den féar
    Tháinigh bád beag ó Beanntraighe isteach go dtí an cuan tháinig stoirm agus do báthadh iad fuaradh duine díobh inaice na trágha lá ceapadar gur protastúnach abheadh é. Do cuireadar é in aice na trágha ní théigheann aon uisge isteach sa pholl sin dá olcas é an lá.
    Cifeá rian na gorta in áiteannaibh ins an paróiste seo fós. téigheadh fear go dtí an taobh eile den cnoch ag obair i gcóir ceithre pingine sa ló. Oidhche amháin núair a tháinigh sé abhaile bhí an beirt leanbh taréis bás d'fagail leis an ocras. Ní raibh aige le déanamh ach iad do cur taobh amuigh den doras agus cifea a h-uaigeanna ann indiu.
    Do bhí fear in a cómhnaidhe in Eadargóil in aimsear an gorta, do dhein sé saghas mine agus tug sé dos na daoine le n'ithe agus is é an rud a cuir an breoidheacht orta
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Dóra Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female