Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíodh na laethannta fada Samhraidh ag na sean-daoine fadó, do bhíodh siad ag déanamh gach sórt spóirt. Gach Domhnach nuair a bhíodh na laethannta go breágh.
Do theighidís amach ins na páirceanna ag caitheamh cnapaí nó airgid. Annsin do théighidís go dtí áit go raibh fhios aca go raibh cóinín le fághail agus do chuiridís súil rioba ins an chun an cóinín a fhágháil.
Annsin do théighidís go dtí abhann agus do bhíodh rubán mór aca do théigheadh chuid aca isteach ins an rubán agus do bhíodh an cuid eile árgh dtairringt iad suas síos an abhainn. Nuair a bhíodh an chuid eile tuirseach do déirgheadh an chuid eile isteach ins an druibán
Nuair a bhíodh siad óg do bhíodh siad ag déanamh bábóg as nóiníní agus as go leór bláth eile.
Nuair a bhíodh an Gheimhreadh aca do théighidís go dtí teach mór agus do bhíodh siad ag imirt cartaí. Amannta, do bhíodh siad ag imirt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Coileáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chlasach Rua, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Mhí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chlasach Rua, Co. na Gaillimhe