Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn ainmhidhthe feirme i gach feirm. Bíonn ba, caoirigh, laoigh, capaill, asail, agus uain ar an bhfeirm.
Bíonn ainmneacha fé leith ag muinntear an tighe ar na ba agus ar na laoigh. Seo cuid de na h-ainmneacha sin:- polly, gorny [?], maola, adharcada, sweetlips agus go leór eile.
Bhí bó nó laoigh nó caoradh nó uain ag gach duine de mhuinntear an tighe dóibh féin. Beathuigheann an feirméar na h-ainmhidhthe sin.
Nuair a bhíonn siad beathuighthe go maith eige díolann sé iad ar an aonach.
Bhí sean-fhear ann uair amháin agus bhí sean-bó aige. Seán Ó Ciaráin an t-ainm a bhí air. Ní raibh aon rud le n-ithe ag an bhfear le h-aghaidh na bó sin. La (aim) amháin chuaidh Seán go dtí an t-aonach leis an mbó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ciaráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cnocáin Thoir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Lucás Ó Ciaráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cnocáin Thoir, Co. na Gaillimhe